Céadaoin, 08 Eanáir 2025

Folúntas - Oifigeach Feidhmiúcháin x 2

Folúntas - Oifigeach Feidhmiúcháin x 2
Folúntas - Oifigeach Feidhmiúcháin x2
Feidhmeannach, Gael Linn

Próifíl an Phoist:
Beidh an tOifigeach Feidhmiúcháin freagrach go príomha as eagrú scéimeanna oideachasúla Gael Linn, i gcomhar leis an mBainisteoir.

Cáilíochtaí Riachtanacha:
- Líofacht Gaeilge agus Béarla idir labhairt agus scríobh
- Cruinneas teanga agus sonraí 
- Ardscileanna ríomhaireachta 
- Ardscileanna cumarsáide
- Cumas obair as a stuaim féin agus obair mar bhall d’fhoireann
- Scileanna agus taithí bainistithe tionscadail 
- Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr

Critéir inmhianaithe:

- Dearcadh dearfach
- Taithí leis na meáin shóisialta
- Eolas agus tuiscint ar earnáil na Gaeilge
- Duine réiteach-dhírithe
- Duine solúbtha 
- Meon an fháis


I measc na bhfreagrachtaí, tá:
▪ Riaracháin agus bainistiú a dhéanamh ar Scéimeanna Gael Linn. Comhoibriú le foireann na Scéimeanna agus tacaíocht a thabhairt chun imeachtaí ar nós Scléip, Siansa, Coirm, na Díospóireachtaí agus na Féilte Peile chomh maith le himeachtaí don 3ú leibhéal a eagrú.
▪ Bheith gníomhach agus éifeachtach ag roinnt eolais agus ábhar cuí ar na meáin shóisialta agus ar shuíomh gréasáin Gael Linn
▪ Tuairisciú ar dhul chun cinn na scéimeanna 


Spriocdháta le haghaidh iontrálacha: 31ú Eanáir 2025

Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Bíonn taisteal i gceist leis an ról seo chun imeachtaí a chur ar siúl in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Tá an ról seo maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Seol CV agus litir chumhdaigh chuig AD@gael-linn.ie más spéis leat cur isteach ar an ról seo.