Monday, 11 April 2022

Buaiteoirí Chraobh Siansa Gael Linn 2022 - Lasrach, Iarthar Chorcaí

Buaiteoirí Chraobh Siansa Gael Linn 2022 - Lasrach, Iarthar Chorcaí

Is go hiarthar Chorcaí a chuaigh príomhdhuais Chraobh Siansa Gael Linn na bliana seo!

 

Bhí sár-oíche sa gCeoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, 10 Aibreán 2022, áit ar thug ocht ngrúpa de cheoltóirí agus d’amhránaithe óga cumasacha taispeántais ar ardchaighdeán agus iad san iomaíocht do dhuaischiste de €4,500. Ar deiridh, roghnaíodh an grúpa ‘Lasrach’ arbh as Iarthar Chorcaí dóibh mar churaidh náisiúnta agus bronnadh trófaí Gael Linn agus duais airgid de €2,500 orthu.

Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn ó 2002 i leith, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Irish Music Magazine, agus é ar cheann de phríomh chomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre.

 

Is í Áine Hensey, RTÉ Raidió na Gaeltachta, a rinne sárobair den chur i láthair ar an oíche agus rinne an stáisiún craoladh beoraidió agus Facebook den cheolchoirm (nasc anseo). Chuir gach grúpa, ‘Bolg Buí’as Contae Loch Garman; ‘Tigh Tara’, as Co. Dhoire; ‘Giúirléidí’ as Contae PhortLáirge; ‘Déa-Gorey’ as Contae Loch Garman, ‘Lasrach’ as Contae Chorcaí;‘Dúthracht’ as Contae an Chláir; Draíocht as Contae Chorcaí agus ‘Codraisc’,Co. Mhaigh Eo taispeántas iontach os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair.

 

Bhí géariomaíocht eatarthu don duaischiste €4,500agus is ar na ceoltóirí iomráiteacha Niamh Ní Charra, Séamus Ó Flatharta agus Mark Ó Ceallaigh a thit sé buaiteoirí chomórtas na bliana seo a roghnú. Bhí an-cheiliúradh i measc a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurb iad ‘Lasrach’ as Iarthar Chorcaí a thug leo an phríomhdhuais. Ochtar ceoltóir óga atá sa ghrúpa – Rían McCarthy, John Munday, Lucy Crowley, Anna Moynihan, Áine Teape, Seán Ahern, Diarmuid Ward agus Fearghus Walsh. Bhí na meantóirí, Richie Delahunty agus Rosaire Cagney, an-bhródúil astu!


Is go Corcaigh a chuaigh duais an dara háit chomh maith agus bronnadh €1,250 ar Aoife Ní Dhochartaigh, Meadhbh Ní Chathasaigh, Éabha Ní Mhurchú, Adele Ní Mhurchú, Mark Ó Murchú, Éabha Nic Dhomhnaill, Eimear Ní Chéilleachair agus Cillian Ó Cathasaigh - baill an ghrúpa ‘Draíocht’ as Coláiste/Gaelcholáiste Choilm, Baile an Chollaigh. Chuaigh an tríú háit siar go Caisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo chuig Áine Nic an tSionnaigh, Cathal Breathnach, Éabha Nic Giolla Bhríde, Hannah Ní Laighin, Aodhán Mac Aodh, Méabh Dunlop, Lughaidh Ó Fuada agus Caitríona Seoighe as an ngrúpa ‘Codraisc’ agus bronnadh duais de €750 orthu.

 

Anuas air sin, fuair gach ceoltóir a bhí páirteach sa gCraobh duais chuimhneacháin.

 

Agus é ag glacadh buíochais le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Irish Music Magazine as a dtacaíocht don chomórtas, dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn:

 ‘Tá an comórtas seo ar bun le 20 bliain, ach bhí Gael Linn ag plé le cúrsaí an cheoil tríd ár lipéad ceoil le blianta roimhe sin. Is onóir dúinn go bhfeiceann muid na daoine seo a thagann faoi scáth Gael Linn ag dul ar aghaidh i saol an cheoil agus an amhránaíocht – ceathrar acu le gradam TG4 a bhaint an tseachtain seo chugainn. Is cinnte go raibh a dtionchar le cloisteáil anocht agus na daoine sin ag dul i bhfeidhm ar an aos óg’.

Dúirt sé gurb é 'bliain na n-amhrán' a bhí i gcomórtas na bliana seo agus go raibh sár-thaitneamh le baint as gach taispeántas. Rinne sé comhghairdeachas le RTÉ Raidió na Gaeltachta as a gceiliúradh 50 bliain ar an bhfód agus mhol sé a dtacaíocht leanúnach, ní hamháin do Chomórtas Siansa a raibh an chraobh á chraoladh beo acu ar an oíche – ach do gach a bhíonn á reáchtáil ag Gael Linn.  

Beidh léirithe na grúpaí uile a ghlac páirt i gCraobh Siansa Gael Linn 2022 le feiceáil ar YouTube Gael Linn go luath agus beidh míreanna den ócáid le feiceáil ar Molscéal!

 

CRÍOCH

 

Tuilleadh eolais:

Mairéad Ní Neachtain, Gael Linn, maireadn@gael-linn.ie / 087 3593957