^Top of Page

Nuacht

Tallainn sa Taibhdhearc ag Scléip 2019 !

Tallainn sa Taibhdhearc ag Scléip 2019 !
Cuireadh tús le Scléip 2019  i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt 20 Samhain, agus bhí tallainn iontach i measc scoláirí an iarthair a chuaigh ar stáitse i rith an lae!
Ba é seo an chéad réambhabhta réigiúnach de chomórtas na bliana seo, ina bhfuil an líon is airde fós de chuid iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta na tíre rannpháirteach! Tá an comórtas á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge. Dírithe ar na healaíona comhaimseartha, tá sé ( 6 ) rannóg ar fad i gceist i gcomórtas Scléip- Amhranaíocht Aonair le féintionlacan, Grúpaí Amhránaíochta le féintionlacan, Slua-Amhránaíocht, Ceol Aonair, Rince Cruthaitheach agus comórtas nua i mbliana, Amhránaíocht Aonair le Fuaimrian Tacaíochta.

Bhí daltaí ó na scoileanna Gaeltachta - Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh agus Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, mar aon le scoláirí ó Choláiste na Coiribe, Gaillimh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí agus Gaelcholáiste Luimnigh, san iomaíocht sa Taibhdhearc, buíochas leis na múinteoirí maithe ar fad a spreag iad ! Bhí atmaisféar iontach san amharclann, agus ba léir gur bhain an lucht féachana an-sult as a chuir na rinceoirí, amhránaithe agus ceoltóirí óga ós a gcomhair i rith an lae. Thug na moltóirí, Mícheál Ó Ciaraidh, ceoltóir agus láithreoir leTG4 agus Méabh Ní Thuathaláin, ceoltóir agus iriseoir leTuairisc, ard-mholadh do na rannpháirtithe uilig as a gcuid léirithe, agus bhronnadar teastais molta orthu uilig! Roghnaíodh na míreanna a leanas le dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas Scléip ar an gCéadaoin, 30 Eanáir 2019 in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath - comhghairdeas leo uilig !
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sóisear Colm Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sinsear Ríoghna Ní Choncarraige, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí Amhránaíocht Comhaimseartha, le fuaimrian tacaíochta ( Aonair ) – Sóisear Rebecca Ní Ghríofa, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Amhránaíocht Comhaimseartha, le fuaimrian tacaíochta ( Aonair ) – Sinsear Aimee Ní Bhruacháin, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sóisear ‘Saol an Deiscirt’, Gaelcholáiste Luimnigh
AGUS ‘Arco’, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sinsear ‘Fraoch’, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí AGUS ‘Dris-Óg’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sinsear Aodhán Breathnach, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Slua-amhránaíocht ‘Binneas’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sóisear Holly Robertson agus Rachel Cox, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sinsear ”Spéirling’, Coláiste N. Feichín, Corr na Móna, AGUS ‘Sioncóipiú’ Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua AGUS ‘Cuisle’, Coláiste na Coiribe, Gaillimh

Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú sna laethanta amach romhainn , san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 21 Samhain, in Amharclann an Alley, An Srath Bán, Dé Máirt, 27 Samhain, 2018 agus in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar Déadaoin 29 Samhain 2018, agus fógrófar na torthaí anseo in am tráth ! Coinnigh i dteagmháil le Scléip ar Twitter - #Scléip2019, nó beidh grianghraif ó na hócáidí éagsúla le feiceáil ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn amach anseo.


< Gach Nuacht