^Top of Page

Nuacht

Micheál Ó Súilleabháin: Ceannródaí ceoil a d’fhág oidhreacht shaibhir

Micheál Ó Súilleabháin: Ceannródaí ceoil a d’fhág oidhreacht shaibhir

 Crónaimid bás Mhichil Uí Shúilleabháin, sárcheoltóir agus cumadóir a bhí préamhaithe sa traidisiún gaelach ach nár aithin aon teorannacha ceoil.

Thaifead Micheál trí albam le Gael Linn, albaim a léiríonn an cumas agus an sofaisticiúlacht a bheadh ina sainchomharthaí dá shaol ceoil. An chéad albam ná Micheál Ó Súilleabháin (1976), albam aonair ar mhéarchláir inar léirigh Micheál nuaíocht agus fíneálacht cheol na hÉireann. An bhliain dar gcionn, 1977, d’eisigh Gael Linn an t-albam Óró Domhnaigh, albam ar a raibh Micheál Ó Súilleabháin, Nóirín Ní Riain, Tomás Ó Catháin, Tommy Kearney, John Dwyer and Matt Fahy; Micheál a léirigh an t-albam agus a scríobh na nótaí cuimsitheacha ar na míreanna ceoil. An t-albam ba réabhlóidi ag Micheál ná Cry of the Mountain (1981), ar a raibh a chuid ceoil do na scannáin The Kinkisha agus Cry of the Mountain, chomh maith le ceol a chum sé do na cláir faisnéise raidío The Green Linnet agus Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna. Faoin albam sin, scríobh an cumadóir Gerard Victory: ‘This recording is a major landmark and will, I feel certain, earn admiration and applause from listeners of the most varied tastes and backgrounds throughout the world.’
Rinne Micheál Ó Súilleabháin éacht don cheol gaelach nuair a bhunaigh sé Dámh na hÉireann: rince agus ceol, institiúid a chothaíonn barr feabhais agus tuisceana sna healaíona dúchais.

Déanaimid comhbhrón ó chroí le muintir Mhichíl. Ar dheis Dé go raibh a anam.



< Gach Nuacht