^Top of Page

Nuacht

Coláistí Samhraidh 2018

Coláistí Samhraidh 2018
Bhí samhradh breá ag Coláistí Gael Linn i mbliana arís.
Rinne breis agus 600 dalta freastal ar na cúrsaí idir Choláiste Bhun an Inbhir agus Coláiste Mhachaire Rabhartaigh. Tagann daltaí ó gach cearn den tír chuig Coláistí Gael Linn chomh maith le tíortha éagsúla ar fud an domhain ar nós Sasana, Albain agus Stáit Aontaithe Mheirceá.
Tá an dá choláiste suite cois farraige agus bhain na daltaí an-tairbhe as an aimsir bhreá a bhí againn an samhradh seo. Tá dátaí chúrsaí 2019 fógartha ag Gael Linn agus beidh na bróisiúir ar fáil gan mhoill.

Dátaí 2019
Coláiste Mhachaire Rabhartaigh

Cúrsa A - 21.06.19 - 06.07.19
Cúrsa B - 07.07.19 - 28.07.19
Cúrsa C - 29.07.19 - 20.08.19

Coláiste Bhun an Inbhir
Cúrsa A - 16.06.19 - 07.07.19
Cúrsa B - 07.07.19 - 28.07.19

 


< Gach Nuacht