^Top of Page

Nuacht

GALF AS GAEILGE 2018 AR AIS IN ESKER HILLS!

GALF AS GAEILGE 2018 AR AIS IN ESKER HILLS!
Beidh an comórtas ‘Galf as Gaeilge’ ar siúl i mbliana ar an Satharn 9 Meitheamh ar an gcúrsa álainn sin Esker Hills sa Tulach Mhór. Tá sé oscailte do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus a bhfuil bac oifigiúil de chuid an GUI acu freisin. Tá sé á eagrú ag Oireachtas na Gaeilge agus Gael Linn agus urraithe ag Foras na Gaeilge. Táimid ag súil le slua mór arís i mbliana, foirne de 3 atá i gceist, agus imreofar an comórtas i bhfoirm ‘Scramble’.  Is féidir an táille €25 an duine a íoc ar an lá ach caithfear clárú roimh ré le Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn nó le Liam Ó Maoladha, Oireachtas na Gaeilge. Tá súil againn go mbeidh cuid agaibh linn ar an lá iontach seo! Má tá aon cheist agat faoin ócáid bí i dteagmháil agus bheimis buíoch ach an scéal a chur ag éinne a cheapann tú go mbeadh spéis acu ann.

IS FÉIDIR FOIREANN A CHLÁRÚ  ANSEO




< Gach Nuacht