^Top of Page

Nuacht

Coláistí Samhraidh Gael Linn faoi lánseol

Coláistí Samhraidh Gael Linn faoi lánseol
Tá cúrsaí samhraidh Gaeltachta Gael Linn do dhaoine óga faoi lánseol um an dtaca seo i mBaile Bhúirne, i mBun an Inbhir agus i Machaire Rabhartaigh. Tá muid ag súil go mór le fáiltiú roimh os cionn 1,000 scoláire i mbliana, idir an trí choláiste atá ag Gael Linn. Tá dhá chúrsa ar siúl i mBaile Bhúirne, dhá cheann i mBun an Inbhir agus trí cinn i Machaire Rabhartaigh le linn an tsamhraidh.

Faraor, níl oiread is spás amháin fágtha sna cúrsaí seo anois. Mar sin, déan cinnte go gcláraíonn tú go luath don chéad bhliain eile. Beidh na foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh idirlín roimh dheireadh an tsamhraidh.

Más snámh, craic, ceol, céilí, spórt agus go leor leor eile trí Ghaeilge atá uait bí linn! Bí Linn – Gael Linn.

Grúpa ag baint sult as an gcúrsa i gColáiste Gael Linn i mBaile Bhúirne, Co Chorcaí

Scoláirí atá ag freastal ar Choláiste Mhachaire Rabhartaigh i dTír Chonaill!

 



< Gach Nuacht