^Top of Page

Nuacht

Corn Uí Chon Cheanainn buaite ag Ann Marie Ní Fhátharta

Corn Uí Chon Cheanainn buaite ag Ann Marie Ní Fhátharta
Reáchtáladh Comórtas Uí Chon Cheanainn den tríú bliain as a chéile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 8 Aibreán. Is comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal é Comórtas Uí Chon Ceanainn atá á reáchtáil i gcuimhne ar an t-amhránaí agus an scoláire iomráiteach, Ciarán Ó Con Cheanainn. Ta an comórtas eagraithe ag Scoil na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gcomhar le Foras na Gaeilge agus Gael Linn.
Ann Marie Ní Fhátharta (Coláiste Hibernia) as ceantar Chois Fharraige, a thug léi an corn i mbliana, Caitlín Ní Mhéalóid (OE Gaillimh) as Ráth Chairn a bhuaigh an dara duais agus Caoimhe Blennerhasset (UCD) a bhí sa tríú háit. Dar ndóigh bhí Caoimhe mar bhall den ghrúpa ‘Círéib’ a bhuaigh an chéad áit i Siansa Gael Linn 2016!
Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí mar bhean an tí don ócáid agus bhí triúr moltóir den scoth ann, Irial Ó Ceallaigh, Máire Ní Choilm agus Sarah Griallais. Bhí ard-chaighdeán ann arís i mbliana agus tá an-áthas ar Gael Linn tacaíocht a thabhairt  do chomórtas mar seo a chuireann an amhranaíocht ar an sean nós chun cinn i measc scoláirí den tríú leibhéil.

Anna Davitt, Foras na Gaeilge, agus Brídín Úí Chon Cheanainn ag bronnadh príomhdhuais an chomórtais ar Ann Marie Ní Fhátharta

Antoine Ó Coileáin, Gael Linn, ag bronnadh an duais don dara háit ar Chaitlín Ní Mhéalóid

Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach, Gael Linn, ag bronnadh an duais don tríú háit ar Chaoimhe Blennerhasset


< Gach Nuacht