^Top of Page

Nuacht

Grúpaí Chraobh Siansa 2017 ar YOU TUBE !

Grúpaí Chraobh Siansa 2017 ar YOU TUBE !

CHUN FÉACHAINT AR AGUS  CHUN ÉISTEACHT LEIS NA GRÚPAÍ AR FAD A GHLAC PÁIRT I gCRAOBH SIANSA 2017 CLICEÁIL ANSEO

 Is iad an grúpa  ‘Dúchas’ ó Chora Finne, Co. an Chlair, curaidh Siansa Gael Linn 2017 ! Ag an gcraobhchomórtas sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 2 Aibreán, roghnaíodh na ceoltóirí cumasacha seo as ocht ngrúpa de ardchaighdeán don ghradam mór seo!  Á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, tá Siansa ar cheann de na mórimeachtaí ar fhéilire na gceoltóirí óga. 

 
Bhí an Ceoláras Náisiúnta lán go béal le comhscoláirí agus cairde ceoil na n-iomaitheoirí don ócáid. Bhí géariomaíocht i measc na ngrupaí, a tháinig ó gach cearn den tír -  ‘Fiúntas’ agus ‘Lonrach’ ó Chontae Laoise, mar aon le ‘Sáile’ ó Shligeach, ‘Ragairne’ ó Chontae Átha Cliath, ‘Tigh Tara’ ó Chontae Dhoire,  ‘Imreasc’ ó Chontae Luimnigh, ‘Dúchas’ ó Chontae an Chláir  agus ‘Leoithne’ ó Chontae Chorcaí - don duaischiste €4,500. Is ar na ceoltóirí iomráiteacha Niamh Ní Charra, Declan Masterson agus Jacinta McEvoy, a thit sé na duaiseoirí a roghnú.  Bhíodar an-mholtach faoi thaispeántais theaspacha na ngrúpaí uilig, ach ar deireadh, fógraíodh gurb iad ‘Dúchas’ na curaidh!  Bhí sceitimíní ar na baill (Conchubhair Ó Lochlainn, Fionnuala Ní Aoidh, Daire Ó Seanáin, Ross Ó Donnabháin, Áine Ní Cheallaigh, Cathal Ó Corbáin, Pól Ó Fearáin agus Seán Ó Dochartaigh) an príomhduais - €2,500 agus Trófaí Gael Linn a thabhairt leo  ( an chéad uair do ghrúpa ó  Cho. an Chláir a leithéid a dhéanamh! ). Ghnóthaigh an grúpa ‘Fiúntas‘ an dara duais de €1,250 agus bronnadh €750 ar an ngrúpa ‘ Leoithne‘ a bhí sa tríú háit.   Anuas air sin, bronnadh duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uilig a bhí páirteach sa Chraobh. 
Chomh maith leis an slua mór a bhí i láthair sa Cheoláras Náisiúnta, bhí na mílte eile ar fud na cruinne ag éisteacht leis an gcraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ba í an craoltóir aitheanta, Áine Hensey, a chuir an clár i láthair agus bhí Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha na gClár, i láthair freisin, chun comhghairdeas a dhéanamh leis na duaiseoirí.      
Agus é ag gabháil buíochais le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Irish Music Magazine, agus leis na grúpaí féin as a dtacaíocht don chomórtas, dúirt Antoine Ó Coileáin, Píomhfheidhmeannach Gael Linn,  go raibh Siansa an-tábhachtach mar bhealach chun an ceol agus an Ghaeilge a chothú i dteannta a chéile. ‘Tá stair fhada ag Gael Linn ó thaobh chur chun cinn an cheoil agus na hamhránaíochta Gaeilge. Ó thosaigh Siansa 16 bliain ó shin, tá sé ag teacht ar réalta, talann leithéidí Niamh Dunne ( Beoga ),  Radie Peat ( Lynched ), The Bonnymen, Niamh Farrell ( Project West ) agus The Rising. Is cinnte go gcloisfear tuilleadh ó ghrúpaí 2017’, a dúirt sé.
Beidh an léiriú a rinne gach grúpa ar stáitse an Cheolárais Náisiúnta le feiceáil ar You Tube in am tráth.

An grúpa ‘Dúchas’ ag ceiliúradh tar éis a mbua!

Seán Ó hÉanaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael LInn (ar chlé) agus Robert Heuston, (ar dheis) Irish Music Magazine le baill an ghrúpa bhuacach ‘Dúchas’

Seán Ó hÉanaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, (ar chlé) agus Robert Heuston, (ar dheis) Irish Music Magazine, leis an ngrúpa ‘Fiúntas’ a tháinig sa dara háit.

Seán Ó hÉanaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn (ar chlé) agus Robert Heuston, Irish Music Magazine, (ar dheis) leis an ngrúpa ‘Leoithne’ a tháinig sa tríú háit.









< Gach Nuacht