^Top of Page

Nuacht

SIANSA 2017 - 8 ngrúpa roghnaithe don Chraobh!

SIANSA 2017 - 8 ngrúpa roghnaithe don Chraobh!
Bhí ardchaighdeán ceoil agus amhránaíochta ag na grúpaí ar fad (32) a ghlac páirt sna ceardlanna le déanaí, a bhuíochas sin leis na múinteoirí/treoraithe uilig !
Tá am na cinniúna tagtha agus tá a n-intinn déanta suas ag na moltóirí Declan Masterson agus Niamh Ní Charra go mbeidh na grúpaí seo a leanas ( agus ní in aon ord ar leith atá siad! ) ag dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2017 sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach 2 Aibreán 2017 ag 7.30p.m.

• ‘Dúchas’, Corafinne, Co. an Chláir
• ‘Fiúntas’, Co. Laois
• ‘Imreasc’, Laurel Hill Coláiste, Luimneach
• ‘Leoithne’, Coláiste/Gaelcholáiste Choilm, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí
• ‘Lonrach’, Buiríos Mór Osraí, Co. Laois
• ‘Ragairne’, Áth an Ghainimh, Co. Átha Cliath
• ‘Sáile’, Gairmscoil Chúil Átha, Baile Idir Dhá Abhann, Co. Shligigh
• ‘Tigh Tara’, Coláiste Loreto, Cúil Raithin, Co. Dhoire

Comhghairdeas leo as a bheith roghnaithe! Beidh sibh san iomaíocht do na duaiseanna seo a leanas; 1ú áit €2500; dara háit €1250; 3ú háit €750.


< Gach Nuacht