^Top of Page

Nuacht

Tuairisc ó Fhéilte Peile Gael Linn 2017!

Tuairisc ó Fhéilte Peile Gael Linn 2017!

 

Reáchtáladh an chéad cheann de fhéilte peile Gael Linn 2017 i nGaeltacht Ráth Chairn ar na mallaibh.  Cuireadh tús leis an scléip nuair a  tháinig suas le 160 scoláire agus a gcuid múinteoirí ó ocht scoil - Scoil na gCeithre Máistrí, Áth Luain, Gaelscoil Uí Riada, Cill Chóca, Gaelscoil Chill Dara,  Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, Scoil Santain, Tamhlacht, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach agus an fhoireann baile, Scoil Uí Ghramhnaigh,  Ráth Chairn, le chéile ar an mbaile, tráthnóna Dé Céadaoin 17 Bealtaine.  Tar éis do gach foireann trí chluiche a imirt agus tar éis oíche mhór spraoi ag an Quizboird agus Céilí, imríodh an Chraobh ag meanlae ar an Déardaoin idir Ghaelscoil Chill Dara agus Gaelscoil Cheatharlach agus b’iad foireann Chill Dara a thug Corn Gael Linn abhaile leo.

Cúig fhéile peile ar fad a eagraíonn Gael Linn gach bliain, ina dtagann daltaí ó scoileanna gaeltachta agus ó ghaelscoileanna le chéile le linn Bealtaine/Meitheamh, i gCúige Laighean, i gCúige Uladh agus  i gCúige Chonnacht, le dhá cheann i gCúige Mumhan le freastal ar éileamh ó na scoileanna sa taobh sin tíre.


Gaelscoil Chill Dara le Corn Gael Linn i Ráth Chairn tar éis a mbua!         An dá chaptaen roimh an Chraobh!

Bhí an dara cheann de Fhéilte Peile Gael Linn ar siúl ar an bhFál Carrach ar 18/19 Bealtaine, ina raibh scoileanna gaeltachta ó Thír Chonaill agus gaelscoileanna ó chontaetha eile Chúige Uladh páirteach, cuid acu a tháinig tríd réamhbhabhtaí ag Corn Uí Mhuirí i mBéal Feirste ar na mallaibh.
Foireann S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach a bhain Craobh na bliana seo lena mbua ar Ghaelscoil Phádraig Naofa, Crois Mhic Lionnáin. Gaelscoil na bhFál, Béal Feirste a bhain an sciath lena mbua ar S.N. an Choimín, Tír Chonaill.

S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach                            Gaelscoil na bhFál, Béal Feirste

Is ar Pháirc na mBreathnaigh in Indreabhán i gConamara a reáchtáladh Féile Peile Chonnachta ar 23/24 Bealtaine le scoileanna ó Chonamara agus gaelscoileanna ó Ghaillimh agus ó Chontae Mhuigheo páirteach. B’iad Scoil Éinne, An Spidéal, Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, Gaelscoil Raifteirí, Caisleán an Bharraigh agus Scoil Iognáid, Gaillimh a cháiligh do na leathchraobhacha agus tar éis cluichí chrua b’iad Gaelscoil na Cruaiche agus Scoil Iognáid a chuaigh chun páirce don Chraobh. Tá traidisiúin láidir ag an dá scoil seo ag Féile Gael Linn agus bhí an-choimhlint eatarthu, ach ar deireadh thiar ‘siad foireann na Gaillimhe a thug Corn Gael Linn abhaile leo! Bhí sár-cheoltóirí agus rinceoirí i measc na scoláirí agus bhí an-spraoi acu freisin ag an tráth na gceist ar an gcéad oíche den bhFéile.

Na buaiteoirí! - Foireann Scoil Iognáid, Gaillimh                             Rinceoirí ó Ghaelscoil na Cruaiche!

Ceoltóirí agus amhránaithe ó Scoil Sailearna, Indreabhán, ag Féile Peile Gael Linn






< Gach Nuacht