^Top of Page

Nuacht

BÍGÍ LINN AG CRAOBH SIANSA AR 2 AIBREÁN

BÍGÍ LINN AG CRAOBH SIANSA AR 2 AIBREÁN
Siansa Gael Linn 2017 - buaicphointe na bliana sa Cheoláras Náisiúnta !
Tá ocht ngrúpa ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta ag cleachtadh go dian faoi láthair, agus craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2017 ag teannadh linn ! Is sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 2 Aibreán ag 7.30p.m. a bheidh buaicphointe na bliana den chomórtas seo, a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige.  Ar an bhfód anois le sé bliana déag, tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn,  le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.
Is iad na grúpaí a tháinig trí chóras réamhbhabhtaí le bheith ar ardán ag an mórócáid seo ná
‘Ragairne’, Contae Átha Cliath, ‘Fiúntas’ agus ‘Lonrach’ ó Chontae Laois, ‘Imreasc’ ó Laurel Hill Coláiste, Luimneach, ‘Dúchas’, Corafinne, Contae an Chláir, ‘Sáile’, Gairmscoil Chúil Átha, Contae Shligigh, ‘Leoithne’, Coláiste/Gaelcholáiste Choilm, Baile an Chollaigh, Contae Chorcaí agus ‘Tigh Tara’, Coláiste Loreto, Cúil Raithin, Contae Dhoire. Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta, a mhairfidh idir 10 agus 12 nóiméad,  agus atá cóirithe go speisialta ag na baill, agus beidh amhráin Ghaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.
Ag cur comhairle ar na grúpaí ábharacha ar a mbealach chun na craoibhe i mbliana, bhí na ceoltóirí Declan Masterson agus Niamh Ní Charra. Beidh Jacinta McEvoy ón ngrúpa ‘Gatehouse’ ag moltóireacht in éineacht leo sa Cheoláras, agus roghnóidh an triúr iomráiteach seo na duaiseoirí. Le duaischiste de €4,500, is féidir a bheith ag súil le géariomaíocht agus ardchaighdeán ceoil ar an oíche. Bronnfar príomhdhuais €2,500 agus trófaí Gael Linn ar na buaiteoirí, €1,250 don dara háit agus €750 don tríú háit. Anuas air sin, bronnfar duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uile a bheidh páirteach sa Chraobh.

Beidh an ceolchoirm á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7.30p.m. ar an oíche , agus is í Áine Hensey a bheidh mar láithreoir. Chun ticéad a chur in áirithe don ócáid, ní gá ach dul i dteagmháil leis an gCeoláras Náisiúnta ag 01:417 00 00 nó www.nch.ie.




< Gach Nuacht