Cúrsaí

Ó bunaíodh an eagraíocht tá Gael Linn ag tacú le foghlaimeoirí agus le múinteoirí Gaeilge. Ar ár gclár reatha tá cúrsaí teagaisc do dhaoine fásta agus do dhaoine óga, áiseanna tacaíochta foghlama agus deiseanna chun an teanga a úsáid.

Cúrsa Ullmhúcháin na hArdteiste 2026 

Tá an cúrsa seo do mhic léinn atá ag déanamh na hArdteistiméireachta sa bhliain scoile 2026. Is cúrsa dian seachtaine é seo a chuirfidh tús iontach leis an mbliain scoile do dhaltaí atá ag déanamh na scrúduithe, a éascaítear den chuid is mó trí mheán na Gaeilge, agus a chlúdaíonn gach gné de chúrsa na hArdteistiméireachta.

Tuilleadh Eolais

Cúrsaí Gaeltachta do dhaoine fásta

Tá liosta curtha le chéile againn de na cúrsaí Gaeltachta ar fad atá ar fáil agus ar siúl sa tír do dhaoine fásta.

Má tá eolas agat faoi chúrsaí Gaeltachta ar bith eile le do thoil cuir ríomhphost chuig ian@gael-linn.ie.

Tuilleadh Eolais

Cad atá á rá ag daoine

Dúirt an oiread sin múinteoirí eile liom tréis bhur gcuairt nár chreid siad an mhéid acmhainní a bhí ar fáil agaibh, nár chreid siad an t-slí ina raibh sibh chomh dearfach, chomh ionraic. Tá sé soiléir go dtuigeann sibh ár n-ualach oibre. Is é an scéim is fearr i dtaobh tacaíochta de.
Múinteoir, Gaelbhratach
To feel the enthusiasm all classes had for Irish this year was unbelievable. They started at zero in terms of knowledge and exposure and finished the year with a real willingness to use the Irish they had in many settings both inside school and out in the community.
Múinteoir, Scoil Spreagtha
Bhí a lán éagsúlachta ar an gcúrsa seo a rinne an t-am laistigh agus lasmuigh de na ranganna taitneamhach agus suimiúil. Timpeallacht fhoghlama dhearfach freisin. Gan breithiúnas agus go leor cuimsitheachta.
Foghlaimeoir Fásta, Cúrsa Gaeltachta do Dhaoine Fásta
Is cúis bróid ag Gael-linn an coláiste agus an fhoireann agus b'fhéidir go gcuirfeá mo mholadh in iúl dóibh idir fhoireann agus scoláirí. Mar iarscoláire agus iarmhúinteoir tuigim na deacrachtaí a bhaineann le cúrsa fiúntach, pleisiúrthach a reachtáil agus molaim sibh uilig as an sárobair atá á déanamh i Machaire Rabhartaigh.
Duine Áitiúil, Machaire Rabhartaigh
I loved the experience, it was so well organised, welcoming, and the teaching was excellent. Donal took us through all the basics with patience, humour and great skill. Iain was a fantastic director, and the extra-curricular aspect made it a sociable week for everyone as well. I feel motivated to continue learning Irish.
Foghlaimeoir Fásta, Cúrsa Gaeltachta do Dhaoine Fásta
It was flexible - we were able to request which areas we wanted to focus on for the week. There was lots of opportunity to socialise in Irish and learn from people in the higher classes.
Foghlaimeoir Fásta, Cúrsa Gaeilge

Tuilleadh Eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí sa Ghaeltacht nó má theastaíonn cabhair uait le cúrsa a roghnú, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn thíos.

Nó tabhair cuairt orainn ag 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.

Déan teagmháil linn