^
Top of Page
English
>
Baile
Faoi Gael Linn
1950-1959
1960-1969
1970-1979
1980-1989
1990-1999
2000-2009
Cúrsaí
Cúrsaí do Dhaoine Óga
Coláistí Gaeltachta
Co. Chorcaí
Co. Dhún na nGall 1
Co. Dhún na nGall 2
Cúrsaí Eile
Cúrsaí na nÓg
Cúrsaí Cumarsáide
Cúrsa don Bhéaltriail
Cúrsaí do Dhaoine Fásta
Baile Átha Cliath
Bunchúrsa
Meánchúrsa
Ardchúrsa
Cúrsaí sa Ghaeltacht
Co. Dhún na nGall
Sainchúrsaí
Imeachtaí
Bunscoil
COIRM GAEL LINN
Féilte Peile
GAELBHRATACH
Iarbhunscoil
DÍOSPÓIREACHTAÍ UÍ CHADHAIN
DÍOSPÓIREACHTAÍ AN PHIARSAIGH
GAELBHRATACH
SCLÉIP GAEL LINN (COMÓRTAS TALLAINNE)
SIANSA GAEL LINN (COMÓRTAS CEOIL)
ABAIR GAEL LINN
TRÁTH NA gCEIST
Triú Leibhéal
Díospóireachtaí 3ú Leibhéal/Corn Uí Chon Cheanainn
Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn
Imeachtaí Eile
SIAMSAÍOCHT @ 6!
Pictiúir Scéimeanna Gael Linn
Gailearaí Ghrianghraif
Foilseacháin
Dréimire
Staighre
Splanc
Eile
Siopa
Ceol
DVD
Áiseanna Teagaisc
Eolaire Oideachais
Tá tú anseo:
Baile
Cúrsaí
Imeachtaí
Foilseacháin
Siopa
Ceol
DVD
Áiseanna Teagaisc
Eolaire Oideachais
Nuacht Archive
Tuairisc ó Fhéilte Peile Gael Linn 2017!
Nuacht Archive
Tuairisc ó Fhéilte Peile Gael Linn 2017!
Reáchtáladh an chéad cheann de fhéilte peile Gael Linn 2017 i nGaeltacht Ráth Chairn ar na mallaibh. Cuireadh tús leis an scléip nuair a tháinig suas le 160 scoláire agus a gcuid múinteoirí ó ocht scoil - Scoil na gCeithre Máistrí, Áth Luain, Gaelscoil Uí Riada, Cill Chóca, Gaelscoil Chill Dara, Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, Scoil Santain, Tamhlacht, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach agus an fhoireann baile, Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, le chéile ar an mbaile, tráthnóna Dé Céadaoin 17 Bealtaine. Tar éis do gach foireann trí chluiche a imirt agus tar éis oíche mhór spraoi ag an Quizboird agus Céilí, imríodh an Chraobh ag meanlae ar an Déardaoin idir Ghaelscoil Chill Dara agus Gaelscoil Cheatharlach agus b’iad foireann Chill Dara a thug Corn Gael Linn abhaile leo.
Cúig fhéile peile ar fad a eagraíonn Gael Linn gach bliain, ina dtagann daltaí ó scoileanna gaeltachta agus ó ghaelscoileanna le chéile le linn Bealtaine/Meitheamh, i gCúige Laighean, i gCúige Uladh agus i gCúige Chonnacht, le dhá cheann i gCúige Mumhan le freastal ar éileamh ó na scoileanna sa taobh sin tíre.
Gaelscoil Chill Dara le Corn Gael Linn i Ráth Chairn tar éis a mbua! An dá chaptaen roimh an Chraobh!
Bhí an dara cheann de Fhéilte Peile Gael Linn ar siúl ar an bhFál Carrach ar 18/19 Bealtaine, ina raibh scoileanna gaeltachta ó Thír Chonaill agus gaelscoileanna ó chontaetha eile Chúige Uladh páirteach, cuid acu a tháinig tríd réamhbhabhtaí ag Corn Uí Mhuirí i mBéal Feirste ar na mallaibh.
Foireann S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach a bhain Craobh na bliana seo lena mbua ar Ghaelscoil Phádraig Naofa, Crois Mhic Lionnáin. Gaelscoil na bhFál, Béal Feirste a bhain an sciath lena mbua ar S.N. an Choimín, Tír Chonaill.
S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach Gaelscoil na bhFál, Béal Feirste
Is ar Pháirc na mBreathnaigh in Indreabhán i gConamara a reáchtáladh Féile Peile Chonnachta ar 23/24 Bealtaine le scoileanna ó Chonamara agus gaelscoileanna ó Ghaillimh agus ó Chontae Mhuigheo páirteach. B’iad Scoil Éinne, An Spidéal, Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, Gaelscoil Raifteirí, Caisleán an Bharraigh agus Scoil Iognáid, Gaillimh a cháiligh do na leathchraobhacha agus tar éis cluichí chrua b’iad Gaelscoil na Cruaiche agus Scoil Iognáid a chuaigh chun páirce don Chraobh. Tá traidisiúin láidir ag an dá scoil seo ag Féile Gael Linn agus bhí an-choimhlint eatarthu, ach ar deireadh thiar ‘siad foireann na Gaillimhe a thug Corn Gael Linn abhaile leo! Bhí sár-cheoltóirí agus rinceoirí i measc na scoláirí agus bhí an-spraoi acu freisin ag an tráth na gceist ar an gcéad oíche den bhFéile.
Na buaiteoirí! - Foireann Scoil Iognáid, Gaillimh Rinceoirí ó Ghaelscoil na Cruaiche!
Ceoltóirí agus amhránaithe ó Scoil Sailearna, Indreabhán, ag Féile Peile Gael Linn
Ar pháirc Ghallaruis i nGaeltacht Chorca Dhuibhne bhí gaelscoileanna ó Luimneach (An Mhodhscoil, Gaelscoil Chaladh an Treoigh), Co. an Chláir (Gaelscoil Mhichíl Cíosóg, Inis), agus Co. Chiarraí (Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Gaelscoil Mhic Aogáin, Oileán Chiarraí) i dteannta fhoirne gaeltachta ó S. N. An Chlocháin, S.N. an Fheirtéaraigh/Sc. Eoin Baiste, Lios Póil agus S.N. Maolchéadair/S.N. Naomh Eirc/S.N. an Ghleanna. Bhí ard-spórt ag na páistí uilig ar an bpáirc peile agus ag na himeachtaí spraíúla eile a bhí ar siúl i Halla na Feothanaí. Chuir DJ Nat iad ar fad ag rince agus ghlacadar páirt chomh maith i dTráth na gCeist a bhí spéisiúil! Tá buíochas mór ag dul do Chumann Peile na Gaeltachta agus do choiste Halla na Feothanaí as na háiseanna ar fad a chur ar fáil agus do na mná tí a chuir lóistín ar fáil do na cuairteoirí ar fad. Ar an bpáirc peile b’iad foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn a thug corn Gael Linn abhaile leo tar éis a mbua ar Ghaelscoil Mhichíl Cíosóg, Inis, sa chraobh. Bhí foireann an-láidir acu arís i mbliana. I gcomórtas a reáchtaladh do fhoirne na gaeltachta bhí bua 2 phointe ag S.N. An Chlocháin ar fhoireann ó Scoil Eoin Baiste, LiosPóil/S.N. An Fheirtéaraigh i gcluiche an-mhaith.
Foireann bhuacach Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí
Réiteoir Maidhc Ó Conghaile leis an dá chaptaen ó Thrá Lí ! Seán Ó Ceallaigh, G.L. le captaen S.N. An Chlocháin!
Is i gColáiste na Rinne i Rinn ó gCuanach, Co. Phort Láirge a reáchtáladh an fhéile deireanach de 2017. Is áit an-oiriúnach é an coláiste le haghaidh imeacht den tsórt seo mar go bhfanann na daltaí ar fad faoi dhíon amháin, agus tá áiseanna den scoth ar an láthair, idir pháirceanna peile agus halla breá mór. Tháinig na scoileanna seo a leanas chun na Rinne, Gaelscoil Chluain Meala, Gaelscoil Gharbháin, Dún Garbhán, Gaelscoil na Dúglaise, Corcaigh, Gaelscoil Mhainistir na Corann, Co. Chorcaí, Gaelscoil Uí Ríordáin, Corcaigh, Scoil Abán Naofa, Baile Mhúirne, Co. Chorcaí agus bhí foireann áitiúil páirteach chomh maith le meascán de dhaltaí ó S.N. na Rinne agus Scoil Bhaile Mhic Airt, An Sean Phobal. Ní raibh an aimsir thar moladh beirte ach níor chuir sé sin isteach ar na páistí beag ná mór!
Tá Gaelscoil Chluain Meala páirteach san fhéile seo le blianta fada agus bíodh is go raibh foirne maithe acu go minic níor éirigh leo an Corn a thabhairt abhaile riamh roimhe seo. Thugadar abhaile i mbliana é áfach, agus é tuillte go maith acu, nuair a bhuadar ar Ghaelscoil na Dúglaise, Corcaigh sa chraobh le farrasbarr de 3 chúilín i gcluiche cothrom, spóirtiúil.
An corn agus na boinn i seilbh fhoireann Ghaelscoil Chluain Meala!!
Trath na gCeist boird faoi lán seoil ag Féile Peile na Rinne!
<
Gach Nuacht
Baile
Faoi Gael Linn
1950-1959
1960-1969
1970-1979
1980-1989
1990-1999
2000-2009
Cúrsaí
Cúrsaí do Dhaoine Óga
Coláistí Gaeltachta
Co. Chorcaí
Co. Dhún na nGall 1
Co. Dhún na nGall 2
Cúrsaí Eile
Cúrsaí na nÓg
Cúrsaí Cumarsáide
Cúrsa don Bhéaltriail
Cúrsaí do Dhaoine Fásta
Baile Átha Cliath
Bunchúrsa
Meánchúrsa
Ardchúrsa
Cúrsaí sa Ghaeltacht
Co. Dhún na nGall
Sainchúrsaí
Imeachtaí
Bunscoil
COIRM GAEL LINN
Féilte Peile
GAELBHRATACH
Iarbhunscoil
DÍOSPÓIREACHTAÍ UÍ CHADHAIN
DÍOSPÓIREACHTAÍ AN PHIARSAIGH
GAELBHRATACH
SCLÉIP GAEL LINN (COMÓRTAS TALLAINNE)
SIANSA GAEL LINN (COMÓRTAS CEOIL)
ABAIR GAEL LINN
TRÁTH NA gCEIST
Triú Leibhéal
Díospóireachtaí 3ú Leibhéal/Corn Uí Chon Cheanainn
Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn
Imeachtaí Eile
SIAMSAÍOCHT @ 6!
Pictiúir Scéimeanna Gael Linn
Gailearaí Ghrianghraif
Foilseacháin
Dréimire
Staighre
Splanc
Eile
Siopa
Ceol
DVD
Áiseanna Teagaisc
Eolaire Oideachais
Nuacht Archive
Tuairisc ó Fhéilte Peile Gael Linn 2017!
Féilte Coirm Gael Linn ar fud na tíre!
Scléip Gael Linn 2018...dáta deiridh iontrála buailte linn !